Fáithe agus Fáistiní in Annála na Meánaoiseanna - Cuid a Dó – Ón 13ú hAois go dtí an 17ú hAois  /   Irish Prophets and Prophecies in theMedieval Irish Annals - Part Two – From the 13th Century until the 17th Century

Ó Theacht na Normanach go dtí Deireadh na nAnnála 

Mar a chonaiceamar i gCuid a hAon, chreideadh na Gaeil gur mhair fáithe ina measc.  Chreid siad i bhfáistiní na bhfáithe seo mar is féidir linn feiceáil sna hannála seo:

 

Annála Locha Cé (LC)

Annála Connacht (AC)

Annála Uladh (AU)

Annála Rioghachta Éireann (ARÉ) .i. Annála na gCeithre

Máistrí.

 

Seo daoibh samplaí ón 13ú haois go dtí an 17ú haois.

From the Coming of the Normans to the End of the Annals

As we saw in Part One, the Gaeil used to believe that prophets lived amongst them.  They believed in the prophecies of these prophets as we can see in these medieval Irish annals:

 

Annals of Loch Cé (LC)

Annals of Connacht (AC)

Annals of Ulster (AU)

Annals of the Kingdom of Ireland, i.e., the Annals of the Four Masters (AFM)

 

Here are examples from the 13th century until the 17th century.

 Bun-Iontráil / Original Entry:

Nua-Ghaeilge / Modern Irish:

       Sacsbhéarla / English:

 

AC:  A.D. 1224

Cith adbal aduathmur do ferthain a cuitt do Connachtaib isin bliadain-sin .i. hi Tir Mane acus hi Sodan 7 ind Uib Diarmata 7 i Clainn Taidcc, dar fas teidm 7 galar adbalmor du buaib 7 d'ellach na crich remrati-sin iar caithem feoir 7 duillebair 7 na doine do chaithed a llachd 7 a feoil dognith tendes meuthoin 7 galra exsamla doib.

 

Nirpo hingnad tra na derbardi-sin do tocht i Connachta in tan-sin. Ba mor tra int olcc orala doib ann .i. Cathal Crobdergg mac Toirrdelbaig Moir h. Conchobair Ri Connacht...  Ri  ro chaitetur tuatha 7 ecolsa, faind 7 mna acus deblena, somaine  amail ro tingellad i llebraib 7 i mboilidaib noem 7 firen riam ...

 

 

 

AC:  A.D. 1282

Cathal mac Gilla na Noem h. Fergail taisech Muintiri hAngaile fria re x. mbliadan do ecc for Inis Cuan ... Et is as sin do tuiced ant imure fada. Uair adubairt in fer fastine re Cathal conab arin imaire fada dogebad se bas, conab ime sin do sechanad Cathal int imare fata cin a tadall.

 

 

AC:  A.D. 1537

Ó Domnaill .i. Aodh Dubh mac Aodho Ruaid meic Neill Gairb meic Toirrdelbaig an Fhina, tigerna Tiri Conoill 7 Ichtair Connacht 7 Fer Manach 7 Chinél ­­­­­­­Moáin 7 Innsi hEoghain ... uair ni ró linn re radho nach tanic do tslicht Neill Naigiallaig, et gan urlamhus Erenn uile aige, tigerna is goire dochuaid do righe na hErenn ina in tigerna-sin ... et ... do saoiledh et do creidedh co mor do rer thairngiri na Naomh et na comarrtha cosmaile tarla air fein et aran aimsir rea linn gurb e-sin int Aodh Engach do gelladar fáithi 7 fisidh 7 ardnaoim eolchu Erenn do thecht a ndeiredh aimsire ... et a mac .i. Magnus O Domnaill do righad 'na inadh do ched et do comoirle Chonollach 7 chomhorbadh Coluim Cille amhail fa dúal dó.

 

 

 

LC:  A.D. 1537

O Domnaill .i. Aed Dub mac Aedha Ruaidh mic Néill Ghairb mic Toirrdhelbaigh in Fhíona,

tigerna Tíre Conuill agus iochtuir Connacht, agus Fer Manach agus chineoil Moáin agus Innsi Eogain,

agus do chuir a lán do tigernusuibh eile fa smacht ... ocus do saeiledh gur b'é an t-Aedh Eanccach do tairngedar fáidhi ocus fissidh é. Ocus ni tanuic do sliocht Ghaeidhil Ghlaiss na coimaimsir neach as mó do tinnlaic d'éigsibh ocus d'ollamnaib ocus dorttaibh Dé na an t-Aedh sin ...

 

LC:  A.D. 1586

An dall do bi a n-Ulltuib re faistine d'fagail bais, .i. Magnus mac Sithe.

 

ARÉ:  A.D. 1587

Mac Uí Dhomhnaill .i. Aodh Ruadh mac Aodha mic Maghnusa do ghabhail lá Gallaibh ... ro leth ainm 7 erdearcus an mhacaoímh rémhraite Aodh Ruadh mac Aodha fó chóicc cóiccedhaibh Ereann cidh riasiú rainicc co h-aoís fherdhata ar aoí n-gaoisi,7 n-gliocais, infhais, 7 oirbeartais. At-berdís dna cách i c-coitchinne gur bhó tairrngertach idir é, 7 madh dia léccthí co h-aoís infedhma c-co t-tiocfadh buaidhreadh innsi Ereann uile tremhit, 7 tria iarla Thíre h-Eóghain ...

 

 

 

ARÉ:  A.D. 1599 

Ro ionntsamhlaigh an t-saoí shenchaidh 7 fhir dhána Mac Bruaidedha .i. Maoilín Óg gur bho i n-dioghail diosccaoilte Grianáin Oiligh la Muircertach Mór mac Toirrdhealbhaigh [mic Taidhg] mic Briain Bhoroimhe fecht riamh Ro chedaigh Dia (tria esccaine Cholaim Cille for síol m-Briain) léircreachadh 7 láinindreadh Tuadhmumhan la h-Ua n-Domhnaill don chur sin, 7 tainicc an Maoílin Ócc cédna i c-cenn Uí Domhnaill ... (agus) do-roine Maoilin an rann:

 

Do baí i n-dán i n-dioghail Oiligh a Aodh Ruaidh do rec an faidh, tocht bhas sluaigh go h-iath Mhagh n-Adhair, a tuaidh iarthar cabhair caigh.

 

ARÉ:  A.D. 1602

(ar bhás Aoidh Uí.Dhomhnaill)

Monuar tra ro badh liach do sochaidhibh mhuich-erchra an tí testa annsin ...  tairrngeartach tinghealltach ro fíorthiorchanadh lá fáidhibh ré chian ria na ghein, 7 co sainredhach lasan naoimh érlamh Colaim Cille mac Feilim dia n-ébairt:

 

Ticfa fer an éngha aird,

do-bhéra golmaircc in gach tír,

budh é sin an donn diadha,

is biadh .x. m-bliadhna 'na rígh.

 

AC:  A.D. 1224

Thit cith trom agus uafásach ar Chonnacht insan mbliain sin, .i. i dTír Mhaine agus i Sodhain & i nUibh Diarmada & i gClann Thaidhg, dár fhás galar & tinneas an-mhór i measc ba & eallaí na gcríoch réarmhráite sin iar ithe féir & duilliúir, & na daoine a d’ith a mbainne & a bhfeoil, d’fhulaing siad pianta inmheánacha & galair éagsúla.

 

 

Níorbh ionadh é gur tharla na teireanna sin i gConnacht an t-am sin.  Ba mhór an t-olc dóibh ansin .i. Cathal Crobhdhearg mac Thoirrdhealbhaigh Mhóir Uí Chonchobhair, Rí Chonnacht (a fuair bás) ...  rí ar chaith tuatha & cléir, fann & mná agus daoine dímríoch, a mhaoin amhail a tuaradh i leabhair 7 i n-aislingí naomh 7 fíréan fadó.

 

 

AC: A.D. 1282

Cathal mac Gilla na Naomh Ó Fearghail, taoiseach Mhuintir Angaile ar feadh deich mbliana, a fuair bás ar Inis Cuan ... Agus is as sin go dtuigeadh “an t-iomaire fada”.  Óir dúirt an fear fáistine le Cathal go mba ar an iomaire fada go bhfaighfeadh sé bás, go mba uime sin gur sheachain Cathal an t-iomare fada gan a thadhaill.

 

AC:  A.D. 1537

[Fuair] Ó Domhnaill [bás] .i. Aodh Dubh mac Aodha Ruaidh mhic Néill Ghairbh mhic Thoirrdhealbhaigh an Fhína, tiarna Thír Chonaill & Íochtair Chonnacht & Fhir Mhanach & Chinéil ­­­­­­­Mhoáin & Insi Eoghain ... óir ní ró linn a rá nár tháinig de shliocht Néill Naoighiallaigh, agus gan urlámhas Éireann uile aige, tiarna is giorra a chuaigh chuig ríghe na hÉireann ná an tiarna sin ... agus ... síleadh agus creideadh go mór de réir thairngreachtaí na Naomh agus na comharthaí cosúile a tharla air fein agus ar an aimsir lena linn gurbh é sin an t-Aodh Eangach ar gheall fáithi & daoine feasa & ardnaoimh eolacha Éireann é a theacht i ndeireadh aimsire ... agus a mhac .i. Magnus Ó Domhnaill do rígheadh ina ionad de chead agus de chomhairle Chinéil Chonaill & chomhorba Cholm Cille amhail ba dhual dó.

 

LC:  A.D. 1537

[Fuair] Ó Domhnaill [bás] .i. Aodh Dubh mac Aodha Ruaidh mhic Néill Ghairbh mhic Thoirrdhealbhaigh an Fhína, tiarna Thír Chonaill agus íochtair Chonnacht, agus Fhir Mhanach agus Chinéil Mhoáin agus Inse Eoghain, agus do chuir sé a lán de thiarnais eile fá smacht ... agus síleadh gurb é an t-Aodh Eangach ar thairngir fáithi agus daoine feasa é. Agus níor tháinig de shliocht Ghaeidhil Ghlais ina chomhaimsir neach is mó a thug d'éigse agus d'ollúna acus d’oird Dé ná an t-Aodh sin ...

 

LC:  A.D. 1586

An dall a bhí i n-Ulltaibh le fáistine, fuair sé bás, .i. Magnus mac Sithe.

 

ARÉ:  A.D. 1587

Mac Uí Dhomhnaill .i. Aodh Ruadh mac Aodha mhic Mhaghnusa a gabhadh le Gaill ... leath ainm & oirirceas an mhacaoímh réamhráite Aodh Ruadh mac Aodha fá chúig chúigiú Éireann fiú amháin roimh gur ráinigh sé go h-aois fheargachta ar aoi a ghaois, & a ghliceas, a fhás maith, & oirbheart.  Deiridís cách i gcoitinne gurbh é an tairngeartach é, & (bhí eagla ar na Sasanaigh) dá ligfí go h-aoís feidhme é go dtiocfadh buaidhreamh insi Éireann uile tríd, & trí iarla Thír Eóghain ...

 

 

 

ARÉ:  A.D. 1599 

Dúirt an saoi seanchaidh & fear dána Mac Bruaideadha, .i. Maoilín Óg, gurbh i ndíoghail díoscaoilte Grianáin Oiligh le Muirceartach Mór mac Thoirrdhealbhaigh [mhic Thaidhg] mhic Bhriain Bhoroimhe feacht riamh ar cheadaigh Dia (trí eascainí Cholm Cille ar Shíol Bhriain) léirchreachadh & léirscrios Thuadhmhumhan le hÓ Domhnaill an t-am sin, & tháinig an Maoílin Óg céanna go dtí Ó Domhnaill ... (agus) rinne Maoilin an rann:

 

“Bhí i ndán i ndíoghail Oiligh, a Aoidh Ruaidh, reic an fáidh, teacht do shlua go h-iath Mhagh Adhair,

aduaidh iarrtar cabhair cách.”

 

 

ARÉ:  A.D. 1602

(ar bhás Aoidh Uí.Dhomhnaill)

Monuar.  Ba liach do shochaithe moch-urú an té teasctha ansin ...  tairngeartach geallta a fíorchanadh (.i. a fíor-thuaradh) le fáithe i bhfad roimh a ghin, & de shonra leis an naomh éarlamh Colm Cille mac Feilim dá ndúirt sé:

 

Tiocfaidh fear an aigne aird,

a bheirfidh gol dubhach i ngach tír,

ba é sin an donn diadha,

is beidh sé 10 mbliana 'na rí.

 

 

 

AC:  A.D. 1224.2     

A heavy and terrible shower fell in part of Connacht this year, that is, in Tir Maine and in Sodain and in Ui Diarmata and in Clann Taidc, which brought about disease and very great sickness among the cows and beasts of those regions after they had eaten grass and leaves; and when men drank of the milk of these cattle and ate of their flesh, they suffered internal pains and various diseases.

 

Nor was it strange that these portentous things should happen in Connacht at that time, for a great affliction befell the country then, the loss of Cathal Crobderg son of Toirrdelbach O Conchobair, King of Connacht .... the king whose wealth was partaken by laymen and clerics, infirm men, women and helpless folk, as had been prophesied in the writings and the visions of saints and righteous men of old...  

 

AC:  A.D. 1282.7

Cathal son of Gilla na Naem O Fergail, chieftain of the Muinter Angaile for ten years, died on Inis Cuan ...  And it is by this that the ‘long ridge’ was understood; for a prophet foretold to Cathal that he would die ‘on the long ridge’ and therefore Cathal avoided Long Ridge and never set foot on it.

           

AC:  A.D. 1537.10

O Domnaill [died this year,] that is Aed Dub son of Aed Ruad son of Niall Garb son of Toirrdelbach the Festive, lord of Tir Conaill and Lower Connacht and Fermanagh and Cenel Moain and Inishowen  ... Indeed we think it not too much to say that there never came a lord of the posterity of Niall Noigiallach who, while not having all Ireland in his power, yet came nearer to the Kingship of Ireland than did this lord ... and ... it was thought and widely believed, according to the prophecies of the Saints and the likely signs that appeared in him and in his time, that he was that Aed Engach whose coming late in time the prophets and seers and great learned Saints of Ireland had promised ...  His son Magnus O Domnaill was made king in his stead, as was his right, by permission and advice of the Cenel Conaill and the coarb of St. Columba as was due for him (as was his due).

 

LC:  A.D. 1537.9

O'Domhnaill died, i.e. Aedh Dubh, the son of Aedh Ruadh, son of Niall Garbh, son of Toirdhelbhach-an-fhina, lord of Tir-Conaill, and of Lower Connacht, and Feata Manach, and Cenel-Moain, and Inis-Eoghain. And he had placed many other lordships under his sway ... And it was thought that he was the Aedh Engach whom prophets and wise men had foretold. And there came not, in his time, any one of the race of Gaeidhel Glas that gave more to poets, professors, and the Orders of God, than this Aedh ...

                       

LC:  A.D. 1586.32

The blind man who was prophesying in Ulster, i.e., Maghnus Mac Sithe, died.

 

AFM.  A.D. 1587.1

The son of O'Donnell (Hugh Roe, the son of Hugh, son of Manus) was taken by the English ... the name and renown of the above-named youth, Hugh Roe, the son of Hugh, had spread throughout the five provinces of Ireland, even before he had arrived at the age of manhood, for his wisdom, sagacity, goodly growth, and noble deeds; and the people in general were used to say that he was really the prophesied one; and the English feared that if he should be permitted to arrive at the age of maturity, that the disturbance of all the island of Ireland would result through him and the Earl of Tyrone ...

 

AFM   1599.20

The learned historian and poet, Mac Brody (Maoilin Oge), represented that it was in revenge of the demolition of Grianan Oiligh, formerly, by Murtough More, son of Turlough [son of Teige], son of Brian Boroimhe, that God, in consequence of the curse of Columbkille upon the O'Briens, had permitted Thomond to be totally plundered and devastated on this occasion by O'Donnell. This Maoilin Oge came to O'Donnell ... (and) Maoilin composed the quatrain: 

 

"It was destined that, in revenge of Oileach, O Hugh Roe! the Prophet announced, Thy troops should come to the land of Magh-Adhair; From the North the aid of all is sought."

 

AFM   1602.6             

Alas ! the early eclipse of him who died (literally, hewed back / cut off) there was mournful to many ...  a promised and prophesied one, who had been truly predicted by prophets a long time before his birth, and particularly by the holy patron, Columbkille, the son of Felim, who said of him: 

 

A noble, pure, exalted man shall come,

Who shall cause mournful weeping in every territory. 

He will be the pious Don,

And will be ten years King.

 

Leis sin, tagaimid go deireadh ár dtairngreachta inár n-annála.

 

With that, we come to the end of prophecy in our annals.

 

 

Copyright (c) 2015 by Gerald A. John Kelly

                                                                Gach ceart faoi chosaint / All rights reserved.

 

 

Print | Sitemap
Copyright © 2014 by Gerald A. John Kelly - IONOS MyWebsite